Saturday, December 5, 2009

Lisa Hannigan, Vicar Street, 3 Nollaig 2009

Bhí an t-ádh orm agus ar chara liom a bheith i Vicar Street oíche Déardaoin seo caite agus Lisa Hannigan ag seinnt. Bhí cnaipí agus pátrúin fuaite ildathach ar fud na háite, a chuir a halbam Sea Sew inár n-aigne (chriotáil Lisa clúdach a halbaim lena mam agus d'fhuaigh sí liricí dá hamhráin air chomh maith). Is duine ildathach í Lisa féin, mar bá léir óna soilsí agus ón mbeacán bearaigh ag lonrú in aice lena maidhc, agus tháinig sí ar an stáitse ag caitheamh gúna seanré (d'oibrigh sí i siopa éadaí seanré nuair a bhí sí níos óige). Is duine gleoite páistiúil í Lisa, ag caint ós íseal mar chailín óg cúthalach, agus breathnaíonn sí mar bhábóg ghleoite ina cuid éadaí. Bhraith an stáitse mar sheomra leapa leis na soilsí luaite cheana féin agus an túis lasta in aice leis an ndrumadóir; chomh maith leis sin, is ionad an-cheanúil é Vicar Street, agus dúirt sí go raibh sé deas a bheith ar ais san ionad "is fearr in Éirinn", ina focail féin.

Measaim go bhfuil Lisa níos fearr ag casadh amhráin beo ná mar a chas sí ar an albam féin. Ná tóg an bhrí mí-cheart uaim - bíonn an t-albam ag seinnt ar mo sheinnteoir dlúthdhioscaí chuile lá! Is é an t-albam is mó a sheinnim i mo sheomra leapa agus ar m'iPod, ní bréag é sin. Agus atá sí ag seinnt beo, tá fuinneamh agus cumhacht inti agus ina guth; bíonn a corp iomlán ag bogadh leis an gceol timpeall uirthi agus ag teacht uaithi féin. Seinneann sí an lán uirlisí cheoil; an giotar agus an bainseo, chomh maith le huirlisí aisteacha, mar shampla an armóin agus an 'melodica'. Píosa beag de chuile rud. Rinne sí staidéir an an gCeol i gColáiste na Tríonóide sular ndeachaigh sí ag canadh le Damian Rice. Is léir go bhfuil dlúthchaidreamh aici lena banna ceoil, go pearsanta agus nuair a bhíonn siad ag cruthú ceoil le chéile - tá siad ag súgradh ar an stáitse, ag cruthú ceoil agus craic dóibh féin chomh maith leis an lucht éisteachta.

Nuair a chasann sí a chuid amhráin beo, cuireann sí saol nua iontu. Cur i gcás, an t-amhrán 'Courting Blues'; is clúdach amhráin é cheana féin, de chuid Burt Jansch, agus chruthaigh Lisa é mar a hamhrán féin. Chas sí é ar an gclár Other Voices sa bhliain 2006 agus tá an t-amhrán forbartha níos mó aici ar a halbam. Ach, ba léir ar an Déardaoin seo caite go raibh sí ag déanamh triail eile leis an amhrán, toisc go raibh sé i bhfad níos cumhachtaí agus fórsúla ná a bhí sé. Is amhrán tréin é ar an albam, le mothúcháin tréan gan saoirse, ach leis a thuilleadh uirlisí cheoil ar an oíche bhí sé cosúil le clagarnach báistí agus toirneach. Draíochtúil. Tá amhrán eile ar an albam, 'Teeth' nach thaitníonn sé go mór liom de ghnáth, ach bhí sé níos fearr beo ar an oíche. Rinne sí clúdaigh d'amhrán traidisiúnta 'Blow the wind southerly' dá mam, ag leanúint ar aghaidh le meafar na farraige coitianta ar a halbam. Is féidir léi aon shórt amhráin a chasadh, chun na fírinne a rá, tá stíl chomh eicléictiúla aici.

Chas sí amhráin nua; chuala mé ceann nó dhó acu cheana féin ar You Tube ("Brolly Beats" agus "Passenger"), agus mar sin bhí mé ag canadh in éineacht léi. (Greannmhar nuair a smaoiníonn tú air - sise ag rá go bhfuil an t-amhrán nua, agus an fonn agam cheana féin!) Bhí ceann nua nach raibh cloiste agam, agus níor thug sí an teideal dúinn (dúirt sí linn nuair a thug muidne bualadh bos don nuacht faoin amhrán nua: "Might be shite!"), ach fuair mé cúpla líne de na liricí - "We spoke without a word between us" agus "you're all salt and storms" (bhain mé an-shult as an dara cheann, chuir sé duine áirithe i m'aigne - is cur síos an-éifeachtach é!). Is liriceoir den scoth í, ag baint úsáide as ghnáthrudaí mar mheafair agus sí ag cur síos ar ghnáthrudaí agus ghnáthmhothúcháin... Tá sé deacair a mhíniú, ach tabharfaidh mé sampla nó dhó duit - "We came up on Ohio/I have you chewed on like a biro/you are a sum I am no closer to deciphering" agus "I spoon you into my coffe cup/I spin you through a delicate wash/I wear you all day". Tar éis a bheith ag cloisteail leis na hamhráin nua, táim ag tnúth go mór leis an dara halbam, caithim a rá.

Tuesday, October 6, 2009

Nuacht

D'ainneoin droch-scéalta a bhíonn sna meán le déanaí, tá dea-scéal agamse daoibh. Bhí mise agus mo chara Scott De Buitléir i gcafé Elements in UCD le haghaidh lóin, agus thosaigh muidne ag caint faoi chúrsaí foilseacháin in Éirinn, go háirithe foilseacháin as Gaeilge. Bhí mé ag rá gur bhraithim uaim Foinse agus trácht ar rudaí laethúla as Gaeilge in aon fhoilseachán. (Tá a fhios agam go bhfuil Nós ar fáil, ach táimse ag caint faoi rud éigin níos bunúsaí agus níos saoire.) Chomh maith le sin, bhí muidne ag tabhairt amach faoina meán in Éirinn go ginearálta, toisc go bhfuil siad chomh claonta, le dearcadh caomhach, gan léiriú ar chuile shórt dhuine atá in Éirinn (mar shampla, lucht aerach).

Tháinig muid ar choincheap nuachtáin dhátheangaigh, ar nós An Claidheamh Soluis ó thréimhse na hAthbheochana ar dtús an fichiú haois. Is tír dátheangach í Éireann, níl muid in ann é sin a dhíospóid. Mar sin, bheadh sé níos praiticiúla nuachtán dátheangach a fhoilsiú in áit ceann go hiomlán as Gaeilge, go háirithe agus muidne faoi bhrú maidir le cúrsaí eacnamaíochta faoi láthair. Sin an fáth gurbh theip Foinse; níl an lucht léitheoireacht chomh mór as Gaeilge agus atá sé as Béarla. Freisin, cuireann nuachtán go hiomlán as Gaeilge bagairt ar dhaoine atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a feabhsú, nó atá ag iarraidh bealach isteach chun í a fhoghlaim.

Tosnaíonn muid le blag-nuachtán anseo ar Blogger go luath. Fán go bhfeicfidh muid...

Friday, June 19, 2009

Ciarán Ó Con Cheanainn


Is cuimhin liom an chéad uair a bhuail muidne le Ciarán, agus muidne sa dara bliain. Tháinig fear óg le héadaí galánta dubha isteach sa seomra, agus dearg ina leicne. Fear an-óg cúthaileach a bhí ann, le cuma óigeanta soineanta, agus ag an am sin bhí a cheann bearrtha. Chuir muidne Ciarán i gcomparáid le Shayne Ward mar sin, agus bhí muidne i gcónaí ag canadh a chuid amhrán as Gaeilge nuair a chonaic muidne Ciarán ar son grinn. Ní raibh a fhios againn ag an am sin go raibh guth níos áille ag Ciarán ná Shayne Ward! Sa chéad rang sin, “Logainmneacha agus Sloinnte”, chuala muidne an Ghaeilge ba bhinne dár chuala muidne riamh ó bhéal Chiaráin – agus Béarla uasal cosúil le Shakespeare chomh maith! Níor chreid muid go bhféadfádh fuaimeanna chomh éagsúil teacht as aon duine amháin! Ba chainteoir den scoth é.

De réir mar a chuir muidne aithne air, bhí sé soiléir gur léachtóir cabhrach agus spreagúil a bhí ann, agus gur fear gaoismhéar os cionn a aois é. Mar a dúirt Yeats, féileacán is ea gaois, agus bá é an cás sin le Ciarán. Bhí an-eolas aige ar léann na Gaeilge, go háirithe ar oidhreacht na Gaeilge, agus ar an traidisiún ársa, agus spreag sé spiorad na Gaeilge ionainn. Níor chreid muidne é nuair a chonaic muid Ciarán ar TG4 ag an Oireachtas, agus bhí bród orainn nuair a bhuaigh sé Corn Uí Riada. Bhí guth den scoth aige agus é ag canadh, guth glórach agus ceolmhar. Ba laoch umhal é nuair a tháinig sé ar ais chugainn anseo, le cuma nua inspioráideach air. Bhí sé ag siúl timpeall UCD mar is gnáth, agus an guth eisceachtúil sin aige!

Ní féidir liom a chur i bhfocal an scanradh agus an phian nuair a chaill muidne Ciarán. Is mór an scrios é dúinn go pearsanta, do chúrsaí Gaeilge, cúrsaí léinn agus do chúrsaí ceoil. Ach, tá a spiorad fós linn-se, inár gcroíthe agus inár gcuimhní. Bhí sé sa sneachta ag titim ar an lá a bhuail muidne le chéile sa Seomra Caidrimh agus sa séiplín, agus bhí sé sa ghrian ag taitneamh agus i nguth na n-éan lá a shochraide i gConamara. Leanann an saol ar aghaidh, agus leanann na rudaí a bhí tábhachtach do Chiarán ar aghaidh; beidh an Ghaeilge fós á labhairt, agus beidh na hamhráin a chas sé fós á casadh. Leanfaidh muidne ar aghaidh ag foghlaim na n-ábhar a mhúin sé. Las sé inspioráid agus misneach ionainn chun oidhreacht na Gaeilge a chur chun cinn; mar sin, níl sé caillte ar chor ar bith. Ba phribhléid agus onóir é Ciarán a bheith againn mar léachtóir, agus ba mhór an bheannacht dúinne é Ciarán a bheith inár láthair ag tabhairt inspioráide dúinn.

Breathnaigh ar an bhfíseán seo in ómós do Chiarán

Haiku ó mhí na Samhna

Bhíos ar an mbus, agus thosaigh mé ag scríobh! Is breá liom an chaoi go bhfuil haiku go fánach!

"Seisiún Ceoil"

Fliúiteanna dubha,
lonta dubha daonna binn,
's bróga dubha.

"Eala Óg Bródúil"

Eala óg liath
ag snámh ar an Life,
é ina aonair.

"Lá Gaofar"

Lá siosarnach ann:
Ór, rua 's buí; na crainn
ag cur duilleoga.

(c) Alison Ní Dhorchaidhe, Samhain 2008